Tá CD nua a eisiúint ag Na Mooneys ar an 6ú lá de Dheireadh Fómhair.
Thig leat é a cheannacht ag :www.namooneys.bandcamp.com nó, lean muid ar http://www.facebook.com/NaMooneys
Cé h-iad Na Mooneys?
Is banna ceoil teaghlaigh iad Na Mooneys a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Ghaoth Dobhair in Iar thuaisceart; Dhún na nGall, ceantar a bhfuil clú and cheoil agus an chultúr air.
Is iad na deirfiúracha Mairéad Ní Mhaonaigh (guth agus fideal), agus Anna Ní Mhaonaigh (guth agus feadóg), a ndéartháir Gearóid Ó Maonaigh (guitar), agus a mhacsan, Ciarán Ó Maonaigh (fideal) Na Mooneys.
Clann Phroinsias Uí Mhaonaigh nach maireann,an múinteoir scoile agus fidleoir aitheanta ò Ghaoth Dobhair agus scríobhneoir amhráin agus dramaí chomh maith.
Is í Kitty Rua (née Ní Ghallchóir) máthair Na Mooneys.
Tagann Kitty ó chúlra cheolmhar chomh maith, mar gur boscadóir a h-athair agus a cuid uncail. Bhíodh oícheanta airneáil i mbaile Khitty,go minic áit a chruinneodh daoine óga na háite fá choinne damhsaithe agus sin mar a fuair sí aithne ar Francie ar tús.
Sheinn muid uilig ceol le chéile i gcónaí sa teaghlach agus ag seisiúin. Tá slíte beatha éagsúla glactha againn uilig, cuid i gceol, cuid le gnó. Is é seo an chéad iarracht againn seinm le chéile go formálta mar ghrúpa. Bheir muid Na Mooneys orainn féin mar gur sin an t-ainm a bheirtear orainn go h-áitiúil anseo i nGaoth Dobhair.
Mairéad – tá an chliú bainte amach aici mar amhránaí agus ceoltóir go idirnáisiúnta mar bhall de Altan, String Sisters, T with the Maggies agus mar ceoltóir aonair.
Ciarán – bíonn sé ag seinm le Caitlín & Ciarán, Fidil, agus mar cheoltóir aonair. Bronnadh an gradam Ceoltóir Óg na Bliana air ag Gradam Ceoil TG4.
Anna – bhí sí ina ball den ghrúpa cumasach ban, Macalla, agus tá taithí aici ar obair teilifíse. D’eagraigh sí Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, ar feadh na mblianta.
Gearóid – ball de Cheoltóirí Altan agus Ragairne tráth. Ball seasmhach sa seisiún dTí Hiúdí Beag. Ball bunaithe agus eagraí Scoil Cheoil Frankie Kennedy.
Thaifead muid an ceirnín seo i stuideo Mhanus Lunny agus ní amháin gur thaifead agus gur chuidigh sé linn a léiriú ach seineann sé bouzouki, giotár agus , méarchlár linn chomh maith
Tá muid amhúil go bhfuil bean chéile Chiarán, Caitlín Nic Gabhann linn ar chupla rian ag seinm consairtín agus ag damhsa chomh maith.
Thug muid cuireadh do níon Mhairéad, Nia ceol linn ar chupla amhrán agus an fhidil a sheinm ar chupla port chomh maith.
Seo amhráin agus ceol a d’fhoghlaim muid ónár muintir agus ár gcomharsanigh ag éiri aníos dúinn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
D’fhoghlaim muid ár gceird ag seinm go neamhfhormálta ag cóisir agus séisiún dtgh Huidi Beag ar an Bhun Bheag agus ar fud na tíre ag féiltí ceoil.
Is ceol tradisiúnta mórchuid dena píosaí ar an cheirnín seo,go speisíalta ceol fidle na gConnallach. Tá cupla rian ar an cheirnín a fuair muid díreach ónár n’athair Francie agus a fuair seisean óna mháthair féin, mar sin tá cupla glúin ceoil i gceist ; All the Way to Galway, The Moneymusk, agus srl.
Chuir muid chupla píosa a chum muid féin ar an cheirnín seo fosta, le ; The Cavanman’s Daughter, mairseáil a chum Ciarán dona chéile Caitlín Nic Gabhann; Mazurka Róise, a chum Mairéad dona neacht, iníon Anna, Róise Ní Mhaonaigh.
Agus fonn an amhráin ‘A Óganaigh Óig’ a chum Mairéad le focail a fuair sí in leabhar,” Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh” agus a fuair láimh chuidigh leis an dara páirt den fhonn ó Mhanus agus Anna as stuideo.
Seineann muid ár gcuid ceoil i gcuimhne ár muintir a chuaigh romhainn, go speisíalta Frankie Kennedy.
Tá an ceirnín seo i ndílchuimhne ár n’athair uasal, Francie Mooney.